Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith Thuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Ghúim (Foilsitheoirí) agus an Choiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad go dtí an comhlacht nua.
Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge chomh maith leis na tionscadail tacaíochta a chuireann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugann siad do ghrúpaí agus do chomhlachtaí ar fud oileán na hÉireann.